fbpx
Féinchúram

D’fhéadfadh dúshláin dár meabhairshláinte a bheith gearr go leor nó bíonn siad ann ar feadh na mblianta agus bíonn siad ag teacht agus ag imeacht le himeacht ama. Is annamh a bhíonn cúis amháin cinnte ag deacrachtaí meabhairshláinte. Cad a chabhraíonn linn?

Cuspóirí foghlama

  • Cad iad na rudaí atá taobh istigh ionam a d’fhéadfadh cuidiú liom nuair a bhíonn an saol crua?
level icon
Leibhéal

An tSraith Shóisearach

Duration icon
Am

30 nóiméad

Scéal Samantha

Play
Físeán

Is as Corcaigh í Samantha, 24, agus is oibrí deonach í le Jigsaw. Anseo déanann sí machnamh ar an tslí a thugann sí suaimhneas isteach ina gnáthamh laethúil.

Plé

Lig don rang féachaint ar an bhfíseán agus na ceisteanna a leanas a chur orthu féin:
An bhfuil aon rud anseo a dhéanann tú cheana féin?
Cad a dhéanann tú féin chun do scíth a ligean?

Gníomhaíocht mholta: d’fhéadfadh an rang a gcuid físeán féin a dhéanamh agus iad a roinnt lena gcomhscoláirí?