Cuspóirí foghlama
- Cad a d’fhoghlaim mé faoi mo chuid láidreachtaí?
- Cén chaoi a bhféadfainn iad seo a úsáid amach anseo?
- Cad iad na láidreachtaí a theastaíonn uaim a fhorbairt agus cén chaoi a ndéanfaidh mé forbairt orthu?
Leibhéal
An tSraith Shóisearach agus an tSraith Shinsearach
Am
40 nóiméad
Plé
'Dírímis ar an neart, ní ar an mhícheart.'
Tabhair cúpla nóiméad don rang smaoineamh, an aontaíonn siad nó nach n-aontaíonn siad den chuid is mó leis an ráiteas seo. Iarr aiseolas orthu.
Eolas ar mo chuid láidreachtaí
Acmhainn
Is bealach tábhachtach é a mhothú go bhfuilimid in ann déileáil le dúshláin reatha agus dúshláin sa todhchaí nuair atá muid ar an eolas faoi cé muid féin agus cad iad na láidreachtaí atá againn. Tacóidh an acmhainn seo le daoine óga machnamh a dhéanamh ar a gcuid láidreachtaí.