fbpx
Schools HubMeabhairshláinte Mo chuid láidreachtaí
Mo chuid láidreachtaí

Príomhphrionsabal den dearcadh bunaithe ar láidreachta is ea scrúdú a dhéanamh ar na sócmhainní agus na hacmhainní atá ag daoine óga taobh istigh díobh féin agus ina dtimpeallacht chun feabhas a chur ar a gcumas cabhair a lorg agus ar gcumas aireachtáil go bhfuil dáimh acu le daoine.

Cuspóirí foghlama

  • Cad a d’fhoghlaim mé faoi mo chuid láidreachtaí?
  • Cén chaoi a bhféadfainn iad seo a úsáid amach anseo?
  • Cad iad na láidreachtaí a theastaíonn uaim a fhorbairt agus cén chaoi a ndéanfaidh mé forbairt orthu?
level icon
Leibhéal

An tSraith Shóisearach agus an tSraith Shinsearach

Duration icon
Am

40 nóiméad

Plé

'Dírímis ar an neart, ní ar an mhícheart.'

Tabhair cúpla nóiméad don rang smaoineamh, an aontaíonn siad nó nach n-aontaíonn siad den chuid is mó leis an ráiteas seo. Iarr aiseolas orthu.

Eolas ar mo chuid láidreachtaí

Acmhainn

Is bealach tábhachtach é a mhothú go bhfuilimid in ann déileáil le dúshláin reatha agus dúshláin sa todhchaí nuair atá muid ar an eolas faoi cé muid féin agus cad iad na láidreachtaí atá againn. Tacóidh an acmhainn seo le daoine óga machnamh a dhéanamh ar a gcuid láidreachtaí.