Cuid 1: Mheabhairshláinte agus folláine a fhiosrú
Cuid 1: Mheabhairshláinte agus folláine a fhiosrú
Wednesday, 02 March 2022
I Jigsaw, tá dearcadh luath-idirghabhála agus coiscthe againn mar a bhaineann leis an meabhairshláinte agus leis an bhfolláine.
Tugann an chuid seo den fhearas deis duit an sainmhíniú atá ar mheabhairshláinte agus ar fholláine a fhiosrú le do rang, chun léargas a fháil ar an tuiscint atá ag na daltaí orthu. Tabharfaidh sé an deis freisin do dhaoine óga príomhtheachtaireachtaí Jigsaw maidir le meabhairshláinte agus folláine a chloisteáil.

Cuspóirí foghlama
- Tuiscint a fháil ar an meabhairshláinte agus ar an bhfolláine.
Acmhainní agus gníomhaíochtaí
Nótaí Post-it
Tabhair roinnt nótaí Post-It do gach duine agus iarr orthu íomhánna nó focail a tharraingt nó a scríobh a léiríonn meabhairshláinte dóibh.
Lig dóibh a gcuid smaointí a roinnt lena chéile ar dtús agus ansin mar ghrúpa.
Cad iad na príomhthéamaí a thagann chun cinn sa rang?
Cad is brí le meabhairshláinte
Féach ar an fiseán seo, a mhíníonn príomhtheachtaireachtaí Jigsaw, ar mheabhairshláinte agus ar fholláine. An féidir comparáid a dhéanamh idir na teachtaireachtaí anseo agus na téamaí a bhí ag an rang? Úsáid an t-eolas ón fhiseán chun forbairt a dhéanamh ar an bplé a bhí agaibh ar ball.
Roth na Meabhairshláinte
Úsáid an ghníomhaíocht seo chun sainmhíniú na meabhairshláinte a threisiú. Iarr orthu a gcuid smaointí féin agus an tuiscint atá acu ar cad is brí le meabhairshláinte a chur ar an léaráid rotha.
Bog ar aghaidh chuig cuid 2
Cabhróidh an chéad chuid eile, tacaíochtaí agus dúshláin dár meabhairshláinte agus dár bhfolláine, le daoine óga tuiscint a fháil ar na rudaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcuidiú, agus, a d’fhéadfadh chomh maith, dúshlán a thabhairt dá meabhairshláinte agus dá bhfolláine.
